Campa eachtraíochta: Cappanalea
An chéad lá, chuaigh mé agus mo rang go Cappanalea ar an mbus. Shroicheamar Cappanalea ag am lóin. D’ith mé lón blasta agus tar éis sin, chuaigh mo ghrúpa ag cadhcháil. Bhí am iontach againn. D’ith mé an dinnéar agus ina dhiaidh sin, chuamar amach ag imirt ‘Manhunt’.
An tarna lá, d’éirigh mé ar a hocht a chlog agus d’ith mé bricfeásta. Ansin, chuamar ag siúl sna sléibhte. Bhí sé ag cur báistí ach bhí sé go hálainn. Tar éis lóin, bhí mo ghrúpa ag treodóireacht. Bhí sé deacair agus ní raibh mé go maith, ach bhuaigh mo chara. D’ith mé dinnéar agus ansin, d’imir mé cluiche. Ansin, chuaigh an rang chuig an seomra sóisialta. D’ól mé tae agus labhair mé le mo chairde. Bhí sé go hiontach.
An tríú lá, chuamar ag dreapadóireacht agus ag rópadóireacht anuas. Bhí sé scanrúil ach bhaineamar an-taitneamh as.
Bhí an-bhrón orm nuair a d’fhágamar Cappanalea.
Le Anastasija Manova