Seachtain na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge

Loading Map....

Date/Time
Date(s) - Wed 29
All Day

Location
Examcraft

gaeilgeSEOLTAR SEACHTAIN NA GAEILGE 2015 i bPobalscoil Peadar!

Cuirfear tús spleodrach le Seachtain na Gaeilge i gceantar Pasáiste Thiar, nuair a sheolfar imeachtaí na féile bliantúla ag Pobalscoil Peadar ar an 1/3/15. Beidh an fhéile idirnáisiúnta, Seachtain na Gaeilge, ar siúl ar 1 – 17 Márta 2015 agus tá clár fairsing imeachtaí Gaeilge beartaithe ag an scoil.

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon.

Dar le Coiste Gaelbhratach Pobalscoil Peadar “Tá sceitimíní orainn clár imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a sheoladh tá níos mó imeachtaí ná riamh beartaithe againn”.

I measc na h-imeachtaí a bheidh ar siúl don fhéile, beidh Nell Ní Chróinín buaiteoir Corn Úi Riada ag teach ar chuairt chuig na scoile chun píosa amhranaíochta Sean Nós a mhúineadh dos na datlaí chomh maith le cúpla chinn a chasadh í fein. Mar chuid de mhórimeacht Sheachtain na Gaeilge i mbliana, beidh an scoil ag glacadh páirte sa ‘Slabhra Láimhe’, ina mbeidh chuile rannpháirtí ag canadh an amhráin chéanna agus ag déanamh slabhra láimhe le chéile, uilig ag an am céanna timpeall na tíre.
Beidh roinnt daltaí ag dul ar thuras go dtí ceanntar Gaeltachta Béal Átha’n Ghaorthaidh chun foireann Gaeltachta a imirt I gcluiche Peile agus comórtas cispheile. Gaeilge ar fad a mbeidh a labhairt I rith na gcluichí.
B’shin sampla do roinnt imeachtaí a mbeidh ar siúl I rith Seachtain na Gaeilge I Pobalscoil Peadar agus beidh I bhfad níos mó le teacht I rith na seachtaine.

Menu